Skip to main content
Dublin Town Logo

DÁN NA CAILLÍ: SONG OF THE HAGWITCH

Tue, 18 Nov 7:00 PM

About

Taispeántas ilmheánach le filíocht nua faoin gcailleach ó Laoighseach Ní Choistealbha, Dairena Ní Chinnéide agus Eithne Ní Ghallchobhair, dánta ón bhfile Albanach Caitrìona Lexy Campbell, amhráin le RÓIS agus ealaín le Margaret Lonergan. Is seanbhean í an Chailleach i miotaseolaíocht na nGael, bandia a shamhlaítear leis an talamh, leis an ngeimhreadh agus leis an saol eile, an saol…

Taispeántas ilmheánach le filíocht nua faoin gcailleach ó Laoighseach Ní ChoistealbhaDairena Ní Chinnéide agus Eithne Ní Ghallchobhair, dánta ón bhfile Albanach Caitrìona Lexy Campbell, amhráin le RÓIS agus ealaín le Margaret Lonergan.

Is seanbhean í an Chailleach i miotaseolaíocht na nGael, bandia a shamhlaítear leis an talamh, leis an ngeimhreadh agus leis an saol eile, an saol iarbháis. Is minic caille uirthi, í ar leathshúil, mílítheach. Is bean feasa leis í. In Albain, tugtar Beira uirthi agus luaitear í le Leithinis Bhéara i gCo. Chorcaí. Luaitear go minic i litríocht na Gaeilge í: Mise Éire, sine mé ná an Chailleach Bhéara (an Piarsach); luaitear sa bhéaloideas í, i bhfilíocht na mbard, i saothar an Chadhnaigh agus Angela Bourke.

In Gaelic mythology, the Cailleach is an old woman, and a goddess associated with the land, winter, and with the otherworld of the dead. She is often depicted as a veiled hag, with one eye and deathly pale skin. She appears throughout Irish literature, from early Munster folklore, to the age of the bards, to modern poetry.

Dán na Caillí is a multi-media performance featuring newly commissioned poetry about the Caillleach by Laoighseach Ní Choistealbha, Dairena Ní Chinnéide and Eithne Ní Ghallchobhair; and poetry from Scottish poet Caitrìona Lexy Campbell. It will also feature songs from Fermanagh composer, vocalist and instrumentalist Róis, acclaimed by The Guardian as ‘an arresting new talent’; and on-screen visuals from artist Margaret Lonergan.