About
An léitheoir óg tú? Sa tóir ar shraith nua? An bhfuil cuma leamh ar an leabhragán sa bhaile? Buail isteach chuig Clinic Leabhar Leabhair Pháistí Éireann! Labhair leis an Dochtúir Leabhar, faigh comhairle uathu maidir leis na leabhair is fearr leat agus tabharfaidh siad oideas duit leis an gcéad leabhar…
An léitheoir óg tú? Sa tóir ar shraith nua? An bhfuil cuma leamh ar an leabhragán sa bhaile? Buail isteach chuig Clinic Leabhar Leabhair Pháistí Éireann! Labhair leis an Dochtúir Leabhar, faigh comhairle uathu maidir leis na leabhair is fearr leat agus tabharfaidh siad oideas duit leis an gcéad leabhar eile ar cheart duit a léamh, ar féidir a thabhairt leat chuig an siopa leabhar nó leabharlann áitiúil! Tugann Dochtúirí Leabhar Leabhair Pháistí Éireann treoir maidir le leabhair do pháistí agus do theaghlaigh. Bunaithe ar chomhrá neamhfhoirmeálta agus a bhuí leis na cotaí bána, molann na Dochtúirí na leabhair is fearr don léitheoir óg, is cuma cén aois atá acu.
Bíonn áiseanna léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann mar chúnamh do na dochtúirí agus do na teaghlaigh araon. Bíonn fáilte roimh gach teaghlach ag an gClinic Leabhar, beag beann ar chumas, riachtanais nó bacainní léitheoireachta. Fágann gach páiste an Clinic Leabhar le hoideas léitheoireachta pearsanta agus cóip de threoirleabhar léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann.
Beidh tús áite ag na daoine a thagann chuig an gClinic Leabhar ar dtús. Maireann gach coinne leis an Dochtúir Leabhar 10 go 15 nóiméad.
Is comhthogra é seo idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann
Age: All the Family
Free. Drop-in, spaces limited! Time slots will be allocated based on a first come, first served basis.
This event will take place in The Vault in the North Range of IMMA Venues.





